|
Cúinne an Ghiorria
Is as comhrá le mo athair Liam, faoin scríbhneoir iomráiteach agus ceannródaí Gaelach Máirtín Ó' Cadhain, a chuala mé an chéad chur síos ar 'Chúinne an Ghiorria'. Ba nós é a bhí ann fadó in Éirinn, aimsir Fómhair, cúinne a fhágáil gan bhaint ionas go mbeadh áit éalaithe ag an ngiorria. (Nós a bhí ag dúchasaithe 'Mayan' Mheiriceá theas freisin) Dúirt Ó Cadhain gurb iad na Gaeltachtaí Cúinní Ghiorria na hÉireann a bhí fágtha go sealadach ag an spealadóir gan bhaint, ach a bhí fós go mór i mbaol! Buíochas le Dia tá na Gaeltachtaí fós ann ach níl aon laghdú tagtha ar an mbrú on nGalltacht! Tá n-ár dteanga fós go mór i mbaol agus ní mór dúinn í a labhairt agus í a thabhairt dár ngasúir le go mairfidh sí beo!
Bhí cáil i riamh ar an nGiorria i bpisreoga agus i miotaseolaíocht na hÉireann. An taistealaí idir an an saol seo agus an saol eile. Agus bhí dlúth cheangal ag an ngiorria i gcónaí leis na Síoga. Thit mé go mór faoi dhraíocht an tsamhail chumhachtach seo nuair a chuala mé é! Airim go gur mheafair álainn é "Chúinne an Ghiorria" don tsamhlaíocht, an foinse sin as a sníonn abhainneacha uile an cheoil agus an chruthaitheachas. Is as an tobar seo a bhlais mé an ceol seo i dtosach agus tháinig sé abhaile slán liom nuair a dhúisigh mé!
Colm Mac Con Iomaire (Lá Bealtaine 2008)
Aibreán 2008. Táim im sheasamh ar chúl Ionad Ealaíne Bhiorra. Tá an slua beag go maith ach tá gúna Violetta ag glioscarnach, a guth á gceansú agus tá a banna faoi lán seoil. Rinne mé mo chuid den oíche a chur díom go héasca – níl ach tríocha nóiméad agam le mo amhráin a rá – mé mar thaca don amhránaí álainn seo ó Philadelphia. Is rud nua dom na gigeanna aonair seo agus uaireannta braithim gur ag díol meaisín glanta-urláir ó dhoras go doras atá mé. Ní hé go bhfuilim crosta nó mí-shocair fuatha, mar is breá liom a bheith ag cumadh-canadh-seinnt ach níl aon aithne ag an slua orm agus táid anseo le héisteacht le bean an Nu-soul-jazz, agus san tríocha nóiméad is gá dom obair go crua lena n-áird a tharraingt orm agus mo cheol seachas a ceol. *** Eanáir 1990. Bhí amhrán nua scríofa agam. Bhíos i ngrá. Tháinig an t-amhrán chugam go héasca. ‘Saghas deas, saghas ait, saghas álainn’. Cheapas gurbh fhiú cur isteach ar chomórtas amhrán nua-chumtha an Oireachtais. D’eagraíos seisiún taifeadadh in Elektra Studios i lár na cathrach – fiche cúíg púnt nó mar sin ar chúig uair a chloig taifeadadh. Agus Terry Hackett mar innealtóír fuaime againn bhí mo dheartháíreacha Rónán agus Rossa san stiúdeó liom, Karl Odlum (a bhí tar éis Niall Whitney, seinnteoir giotár, a thógaint leis tar éis bualadh leis ar an sráid), an t-amhránaí Jane Farley agus draoi an fhidil, Colm Mac Con Iomaire. D’éirigh go hiontach linn, ach ag deireadh na hoíche bhí spás i lár an amhráin nach raibh Niall ábalta é a líonadh. Colm a líon é le líne simplí, ceolmhar, diamhaireach ar nós an ghrá faoina raibh an t-amhrán ag trácht. Samhradh 1990. Bhí ré buscála Shráid Grafton ag teacht chun deiridh. Bhí bannaí ag teacht chun cinn, amhráin á dtaifeadadh, tae-chaint sceitimíneach ann faoi ‘deals’ le comhlachtaí céirníní. Bhí fás ag teacht ar na ceoltóírí sráide oilte seo. Bhí a samhlaíocht ar mire le smaointe. Bhí ré nua ag teacht – ré The Frames, Kíla, The Mary Janes, The Cookers, Leslie Keye, Mark Dignam 7rl Bhí lear mór amhrán cumtha agamsa agus bheartaíos dul agus iad a thaifead sar a mbeadh na ceoltóirí seo scaipthe agus nach bhfaighfinn seans obair leo arís. Mar sin ghlacas seachtain saor ón obair agus d’eagraigh seachtain taifeadadh i Sun Studios, i mBarra an Teampaill, dhá urlár faoi bhun Elektra! D’oibríomar ó dhubh go dubh agus d’éirigh linn bun-structúr an chéirnín Éist a chur dínn. I rith na seachtaine seo bhí Glen Hansard, duine des na buscálaithe, tré sheans, i mbun cleachtadh lena bhanna nua, The Frames, san fhoirgnimh chéanna. I rith ár seisiún taifeadadh chuaigh Colm, ar chuireadh ó Ghlen, suas chuig an cleachtadh. Sé deir sé féin anois ná go ndeachaigh sé suas i mbanna amháin agus gur tháinig sé anuas i mbanna eile! Dhá bliain ó shoin ‘s mé ag cur snasa ar mo albam aonair féin chuireas glaoch ar Cholm – an mbeadh fonn air roinnt beag seinnte a dhéanamh? An mbeadh sé ábalta roinnt spáis a líonadh? Bhí sé díreach fillte abhaile ó thuras timpeall na Stát Aontaithe. Agus cúraimí clainne anois air bhí a am níos luachmhaire. Bhí strus ina ghuth. Gheall sé dom go ndéanfadh sé a dhícheall. Do dhein agus mar is dual dó san stiúdeó, lig sé don cheol a chuid cainte a dhéanamh. Ba mhór an ní dom go raibh a sheinnt ar an gcéirnín. Agus nuair a tháinig an t-am le mo albam a sheoladh thugas cuireadh dó teacht le fonn nó dhó a sheinnt. In éindí le Dee (seinnteoir fidil Kíla, comharba Choilm nuair a d’fhág sé) sheinneadar an oíche uilig agus chuireadar an slua faoi dhraíocht lena gcuid seinnt binn. Le fada an lá anois tá Colm ag seinnt leis na Frames. Baill tar éis teacht agus imeacht ach eisean mar an leiftenant dílis, seasta taobh an ghineráil, Glen, á thacú agus a chumas ceoil féin ag fás i gcónaí agus an rian sin ar na hamhráin ar albaim na Frames – é mar‘string quartet’ aonair ar uaireabh! Is fada mar sin, go raibh daoine ag rá leis gur cheart dó a chéirnín féin a thaifead. Karl Odlum (an léiritheoir) a dúirt liom, ag tús na bliana, go raibh Colm ar tí tosú ag obair leis chun díriú isteach ar an albam aonair seo. Agus nach aoibhinn an albam atá ann! A Dhia, tá pléascán smaointe sa chéirnín - Vesuvius smaointe! Tá an seinnt agus an ceol álainn agus smaointeach, beagáinín traidisiúnta, beagáinín clasaiceach, beagáinín Oir-Eorapach, beagáinín Tuirceach, beagáinín Thuaidh-Aifriceach, beagáinín fuaimrianiúil, beagáinín Frámach, beagáinín Mac Con Iomaireach ach thar aon ní eile go hiomlán Colmach!! *** Críochnaíonn ceolchoirim Violetta agus bailím mo chuid le dul abhaile. Sa charr smaoiním ar Cholm agus a albam úr Cúinne an Ghiorria – The Hare’s Corner. Uaireannta b’fhéidir, go mbraithfidh sé go bhfuil meaisín glanta-urláir á dhíol aige ach nach cuma mar sé an ceol an ní is gaire dá chroí, an ní is doimhne agus is éasca dó a úsáid le ‘labhairt’ leis an saol agus a thaithí ar an saol a chur in iúil dúínn atá ag éisteacht go cúramach. Is álainn an friotal a úsáideann sé. Nára fhada uainn an chéad cheann eile. Colm Ó Snodaigh (Kíla) Foilsithe freisin ag www.beo.ie
|